Clannad - Neansai Mhile Gra Lyrics
Neansaí, 'Mhíle GráA Neansaí, 'mhíle grá, a bhruineall atá gan smál,Go bhfeice mí an t-ádh agus an séan ort;Ba ghile do dhá láimh ná cúr gear na trá,Nó an eala is í ag snámh ar an Éirne.Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht,Is binne liomsa tú ná na téadaíIs mura n-éalaí tusa liomsa titfidh mí i lionndubh,Agus cuirfear insan chill i do dhiaidh mé.Is iomaí sin guth mná a chluinim i ngach airdAbhus agus thall den Éirne,Go Corcaigh na gcuanta is go Béal Átha na SluaIs í Neansaí a thug bua ar an méid sin.A Mhuire agus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é ár saolDá mbeinnse agus í le chéile?Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó, mise is mo rúnAg cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuachis aithris dí gur buartha atá méAithris dí arís nach gcodlaím féin aon oícheLe harraing atá trí mo thaobh deas.Aithris dá súil, aithris dá cúl,Aithris dá méin mhaith chéillíAithris dá ceann is dá béilín atá binnGur ghiorraigh sí go cinnte mo laethe.Dé Domhnaigh má tchímse stór geal mo chroíTiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht;An tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom,Is ní aithneofar an aois ar m'éadan.A Mhuire is a Rí, nach a tuirseach a bhím,Is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an Áirne.An bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian?Níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais.