Welcome!
Login
|
Register
Artist
A
B
C
D
E
F
G
H
I
J
K
L
M
N
O
P
Q
R
S
T
U
V
W
X
Y
Z
#
Title
Artist
Song title:
Clannad - Neansai Mhile Gra
Edit By:
3.22.181.81
Neansaí, 'Mhíle Grá A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruineall atá gan smál, Go bhfeice mí an t-ádh agus an séan ort; Ba ghile do dhá láimh ná cúr gear na trá, Nó an eala is í ag snámh ar an Éirne. Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht, Is binne liomsa tú ná na téadaí Is mura n-éalaí tusa liomsa titfidh mí i lionndubh, Agus cuirfear insan chill i do dhiaidh mé. Is iomaí sin guth mná a chluinim i ngach aird Abhus agus thall den Éirne, Go Corcaigh na gcuanta is go Béal Átha na Slua Is í Neansaí a thug bua ar an méid sin. A Mhuire agus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é ár saol Dá mbeinnse agus í le chéile? Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó, mise is mo rún Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe. Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach is aithris dí gur buartha atá mé Aithris dí arís nach gcodlaím féin aon oíche Le harraing atá trí mo thaobh deas. Aithris dá súil, aithris dá cúl, Aithris dá méin mhaith chéillí Aithris dá ceann is dá béilín atá binn Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laethe. Dé Domhnaigh má tchímse stór geal mo chroí Tiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht; An tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom, Is ní aithneofar an aois ar m'éadan. A Mhuire is a Rí, nach a tuirseach a bhím, Is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an Áirne. An bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian? Níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais.
All lyrics are property of their respective authors, artists and labels and are strictly for non-commercial use only.
Copyright © 2009-2024 Azlyricdb.com. All Rights Reserved |
Privacy policy
|
Blog