A-Z Lyrics Database
Welcome! Login | Register
Lyrics   »   C   »   Clannad Lyrics   »   Neansai Mhile Gra Lyrics

Clannad - Neansai Mhile Gra Lyrics

Font:      
Align:    
  • Neansaí, 'Mhíle Grá
  • A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruineall atá gan smál,
  • Go bhfeice mí an t-ádh agus an séan ort;
  • Ba ghile do dhá láimh ná cúr gear na trá,
  • Nó an eala is í ag snámh ar an Éirne.
  • Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht,
  • Is binne liomsa tú ná na téadaí
  • Is mura n-éalaí tusa liomsa titfidh mí i lionndubh,
  • Agus cuirfear insan chill i do dhiaidh mé.
  • Is iomaí sin guth mná a chluinim i ngach aird
  • Abhus agus thall den Éirne,
  • Go Corcaigh na gcuanta is go Béal Átha na Slua
  • Is í Neansaí a thug bua ar an méid sin.
  • A Mhuire agus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é ár saol
  • Dá mbeinnse agus í le chéile?
  • Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó, mise is mo rún
  • Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.
  • Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach
  • is aithris dí gur buartha atá mé
  • Aithris dí arís nach gcodlaím féin aon oíche
  • Le harraing atá trí mo thaobh deas.
  • Aithris dá súil, aithris dá cúl,
  • Aithris dá méin mhaith chéillí
  • Aithris dá ceann is dá béilín atá binn
  • Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laethe.
  • Dé Domhnaigh má tchímse stór geal mo chroí
  • Tiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht;
  • An tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom,
  • Is ní aithneofar an aois ar m'éadan.
  • A Mhuire is a Rí, nach a tuirseach a bhím,
  • Is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an Áirne.
  • An bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian?
  • Níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais.

  • Report error in lyric




    The Neansai Mhile Gra lyrics by Clannad is property of their respective authors, artists and labels and are strictly for non-commercial use only.
    Copyright © 2009-2026 Azlyricdb.com. All Rights Reserved | Privacy policy | Blog
    You are now viewing Clannad Neansai Mhile Gra Lyrics